Выбрать главу

An Garda Cósta

Máire Uí Dhufaigh

I gCuimhne ar mo Mháthair, Bríd.

Caibidil 1

Oileán na Leice, Co. na Gaillimhe Mí Iúil 2012

Bhreathnaigh Caitríona anonn ar an bhfoirgneamh mór liath. ‘Meastú an bhfuil sé fíor go bhfuil taibhsí ann?’

‘Bhuel, gheobhaidh muid amach anocht,’ arsa Iain. ‘Agus má éiríonn linn pictiúr de cheann acu a fháil cuirfidh muid suas ar YouTube é. Na lads sin a chuir an geall liom, tá siad ag iarraidh cruthú go raibh muid istigh ann.’

‘B’fhéidir nach mbeidh aon seans eile againn. Tá scéal ag dul thart go bhfuil tógálaí mór le rá tar éis an áit a cheannacht,’ a dúirt Bríd, ‘le brú nó óstán a dhéanamh as.’

Taobh istigh den gheata ag seanstáisiún an gharda cósta a bhí Caitríona Pheadair Ní Fhlatharta lena col ceathrar Bríd agus a gcara Iain. Bhí an stáisiún, nó an Station mar a thugtaí de ghnáth air, suite go taibhsiúil gruama ar an gcnoc os cionn an bhaile. Ba sceirdiúil an áit é, go háirithe anois agus é ag tarraingt ar mheán oíche. Taobh amuigh de scréachaíl na bpréachán, a raibh neadracha acu i seanbhallaí an stáisiúin, ní raibh le cloisteáil ag an triúr óg a bhí suite ann ach torann na dtonn ag briseadh ar thrá an oileáin agus ceol bríomhar bhosca ceoil ag teacht ar an ngaoth ó Óstán Bharr na Céibhe. Ar an mórthír, i bhfad uathu trasna an chuain, bhí soilse le feiceáil acu ag glioscarnach sa dorchadas. Bhreathnaigh Caitríona anonn ar an bhfothrach arís.

‘Brú! Anseo…! Ag magadh atá tú!’ a dúirt sí. ‘Cé a bheadh ag iarraidh fanacht ina leithid d’áit iargúlta?’

‘Déarfainnse go ndéanfadh sé óstán breá,’ a dúirt Iain. ‘Foirgneamh mór dhá stór ar bharr an chnoic ag breathnú amach ar an gcuan! Thaitneodh sé le turasóirí. Tá mé cinnte de. Ach, dar ndóigh, theastódh obair a dhéanamh air.’

‘D’fhéadfá a rá go dteastódh. Chuile shamhradh a thagaim anseo bíonn tuilleadh leaca tite de,’ a deir Bríd. ‘Ach, mar sin féin, b’fhiú an t-airgead a chaitheamh air.’

Ach ní fhéadfadh Caitríona an foirgneamh gránna seo a shamhlú ina óstán. ’Cuma cé méid a bheadh caite ag cur caoi air.

‘Bhuel, ní fhanfainnse ann dá n-íocfá mé,’ a deir sí. ‘Tá sé chomh haisteach mar áit! Ní bheadh aon iontas orm dá mbeadh taibhsí ann.’

Theastaigh ó Bhríd a fháil amach ansin ar chreid Iain i dtaibhsí.

‘Ní chreidim! Ach tá an oiread cainte déanta faoin Station ó tháinig na seandálaithe anseo gur mhaith liom an taobh istigh de a fheiceáil dom féin … chomh maith leis an áit a bhfuil siad ag tochailt ann.’

Faoin am seo bhí an fuacht ag cur as do Bhríd agus í ag éirí mífhoighdeach.

‘Ach tuige a gcaithfidh muid fanacht le Séamas?’ a d’fhiafraigh sí d’Iain. ‘Tá mise caillte leis an bhfuacht!’

‘Dúirt mé leat cheana. Beidh tóirse ceart ag Séamas. Agus ar aon chaoi, dá mbeadh cóta nó seaicéad ort ní bhraithfeá an fuacht. Agus tá Caitríona chomh dona leat. Breathnaigh oraibh! Gúnaí beaga samhraidh! Ní thuigim cén fáth a mbíonn cailíní chomh hamaideach.’

DÍCHÉILLÍ! a deir Caitríona. Bhí faisean aici Iain a cheartú dá n-úsáidfeadh sé focal nach mbeadh acu in Oileán na Leice.

‘Ó, gabh mo leithscéal, a mhúinteoir. ‘Díchéillí’ atá sibh. An-díchéillí,’ a dúirt sé agus é ag fáisceadh a sheaicéad teolaí timpeall air féin agus ag sá a chuid lámha síos sna pócaí.

Bhí imní ag teacht ar Chaitríona. Ab é go raibh a intinn athraithe ag Séamas? An raibh sé le theacht ar chor ar bith? Ní bheadh sí san áit fuar feannta seo beag ná mór murach Séamas Jim. Rud nár thuig an bheirt a bhí in éineacht léi. Thaitin Séamas le Caitríona thar aon lad dar casadh riamh uirthi. Chomh luath agus a chuala sí faoin socrú don oíche anocht chuir sí téacs chuige. Bhí sí ag dul ag tóraíocht taibhsí thuas ag an Station in éineacht le Bríd agus Iain a dúirt sí sa téacs. An mbeadh seisean ann? Bhí dhá chroí aici nuair a tháinig an freagra uaidh.

‘Ba cheart duitse glaoch air,’ a dúirt sí le Iain anois.

‘Ghlaoigh mé tamall ó shin ach níl sé ag freagairt.’

‘Níl ann ach seans go dtiocfaidh sé,’ a deir Bríd. ‘Nach bhfuil muid anseo anois le uair an chloig?’

Ach ní raibh amhras ar bith ar Iain. Thiocfadh Séamas, a dúirt sé. Ní ligfeadh sé síos iad. Bhí a fhios aige faoin ngeall.

‘Cé méid de gheall a chuir na lads leat ar aon chaoi?’ a d’fhiafraigh Bríd de.

‘Fiche euro.’

‘Agus roinnfidh tú linne é?’

‘Ceannóidh mé uachtar reoite an duine daoibh!’

‘Muise mura tú atá flaithiúil!’

‘Ach meastú cá bhfuil Séamas ar aon chaoi,’ a d’fhiafraigh Caitríona d’Iain. ‘Cá mbeadh sé an tráth seo d’oíche?’

‘San óstán, cheapfainn,’ a deir Iain.

‘Ach níl Séamas ach cúig bliana déag,’ a dúirt Caitríona. Cúpla mí níos sine ná í féin. ‘Ní ligfí isteach san óstán é. An ligfí?’

‘Bhuel, chonaic mo dheartháir ann é le deireanas. Cúpla uair.’

‘Cúpla babhta.’

‘Bhuel cúpla babhta mar sin. Caithfidh nach bhfuil siad chomh dian agus a cheapann tusa.’

‘Is dóigh nach bhfuil, ó cheannaigh an dream nua é. Nuair a bhíodh an t-óstán ag Cáit Mhicil chaithfeá a bheith ag tarraingt an phinsin sula ligfeadh sí isteach sa mbeár thú! Sin é a dúirt m’uncail ar aon chaoi.’

Lig Iain scairt gháire as.

‘Go gcaithfeá a bheith ag tarraingt an phinsin…! Sin leagan greannmhar.’

‘Barúil!’

‘Ó sea. Barúil. AN-BHARÚIL.’ Bhí sé ag cur canúint láidir air féin.

Thosaigh Bríd ag sciotaíl.

‘Tá tú ag déanamh go maith, a Iain!’ a dúirt sí, agus ’chaon scairt aisti. ‘Is gearr anois go mbeidh Gaeilge bhreá agat! Gaeilge Oileán na Leice, a mhac!’

‘Fuist!’ a dúirt Caitríona. ‘Déanaigí go réidh, an bheirt agaibh.’

Ní raibh aon suim aici sa gcraic a bhí ar bun acu. Bhí a cluasa bioraithe aici, ag súil go dtiocfadh Séamas aníos an cnoc nóiméad ar bith. Ach faitíos a croí uirthi ag an am céanna nach dtiocfadh sé ar chor ar bith. Nuair a bhí deich nóiméad eile caite, d’éirigh sí de léim.

‘An bhfuil muid leis an oíche a chaitheamh suite anseo? Nó an bhfuil muid ag dul isteach?’

‘Ach bheadh sé contúirteach,’ arsa Iain. ‘Gan solas a bheith againn.’

‘Contúirteach!’ Bhí cantal ar Chaitríona anois. Cantal, chaithfeadh sí a admháil, a bhain níos mó le Séamas ná le Iain.

‘Tú féin is do chuid contúirtí! Tá aiféala orm anois nach síos ar an trá a chuaigh mé, chuig an mbarbaiciú.’

Ní raibh rún aici an oíche a chaitheamh ina hóinseach ag fanacht le Séamas Jim. Shiúil sí anonn go dtí an sconsa. ‘Níl cead dul isteach ach amháin ar ghnó,’ a dúirt sí go drámatúil in ard a cinn agus í ag léamh an méid a bhí scríofa ar an bhfógra.

‘An stopfaidh tú ag béiceadh,’ a dúirt Bríd léi. ‘Tarraingeoidh tú an baile orainn.’

Tar éis scaithimhín, thuig Caitríona nach raibh an bheirt eile ag tabhairt aon toradh uirthi. Anall léi go dtí an geata arís agus í ag tarraingt na gcos. Chaith sí fúithi ansin agus pus uirthi. Bhí a hintinn ina cíor thuathail. Dá mbeadh a cairde Ruth agus Siobhán anseo…. Ach ní raibh agus ní fheicfeadh sí iad go ceann cúpla lá.

‘Éist,’ a dúirt Iain go tobann, ‘an gcloiseann sibhse é sin?’

Chuir an bheirt chailín cluais orthu féin. Is í an chasacht a chualadar ar dtús. Ansin chonaic siad an solas. Duine ag deargadh a thoitín. Thíos ag bun an chnoic.

‘Séamas, cuirfidh mé geall ar bith leat,’ a deir Iain. ‘Ach amháin … ní raibh a fhios agam go mbíonn sé ag caitheamh.’