Ní raibh seans ag Caitríona é a fhreagairt mar gur thosaigh Mamó uirthi ansin.
‘Nach dona thú, a Chaitríona,’ a dúirt sise. ‘Nach mbreathnódh amach do do chol ceathrar atá i bhfad níos óige ná thú agus í ina strainséara anseo. Abair liom nach raibh sibh ag ól nó — Dia idir sinn agus an anachain — ag plé le drugaí.’
‘Ní raibh muid ag ól ná ag tógáil drugaí,’ a dúirt Caitríona agus í ag iarraidh na deora a chosc.
Níor thuig sí cén fáth nach ligfidís di. Nach beag an tuiscint a bhí acu ar a cás, ar cé chomh trína chéile agus a bhí sí!
‘Níl tada déanta as bealach againn,’ a dúirt sí leis na daoine fásta, ‘seachas a bheith fanta amuigh deireanach. Agus … Bríd a bheith éalaithe amach gan cead.’
‘Níl a fhios agam cén chaoi a bhféadfá a rá nach raibh tada as bealach déanta agaibh,’ a dúirt a máthair. ‘Nuair nach raibh cead ag aon duine a bheith istigh sa stáisiún! Ach ba mhaith liomsa a fháil amach faoi Shéamas Jim. An bhfuil níos mó ná cairdeas idir an bheirt agaibh?’
‘Níl tada eadrainn,’ a dúirt Caitríona. ‘Níl ann ach go bhfuil muid sa rang céanna ar scoil.’
Bhí sí bodhraithe ag a gcuid ceisteanna anois. Agus a tuismitheoirí ag ligean orthu féin go raibh siad imníoch fúithi! Dá mbeadh an oiread sin imní orthu an mbéidís á crá mar seo? Thug sí cupán tae ar ais léi go dtí a seomra codlata.
Cúpla uair a chloig ina dhiaidh sin stop carr na ngardaí taobh amuigh den teach acu. Na gardaí! Ba bheag nár thit an t-anam as Chaitríona nuair a chuala sí ag an doras iad. An raibh siad anseo mar gheall ar Bhríd? Ach ní thagann na gardaí díreach mar gheall ar dhuine a bheith gortaithe, an dtagann? Ach, arís ar ais, cén fáth eile a mbeidís ann? Ghlaoigh a máthair amach uirthi. Chuir na Gardaí Micheál Seoighe agus Niamh de Búrca iad féin in aithne do Chaitríona is dá tuismitheoirí. Ní raibh ann ach go raibh cúpla ceist acu le cur ar Chaitríona, a dúradar, faoin oíche roimhe sin. Bhí a croí ina béal ag Caitríona. Ní raibh aon chleachtadh aici ar a bheith ag plé leis na gardaí.
‘Ba mhaith linn go mbeithfeása i láthair freisin, a Bhean Uí Fhlatharta,’ a dúirt an Garda de Búrca lena máthair. ‘Ní thógfaidh sé i bhfad.’
‘Tuigtear dúinn nárbh é seo a chéad uair agaibh a bheith istigh sa stáisiún, a Chaitríona,’ arsa an Garda Seoighe nuair a bhíodar suite sa seomra suí agus a gcuid leabhar nótaí osclaithe ag na gardaí.
‘Sin é an fáth a bhfuil siad anseo!’a dúirt Caitríona ina hintinn féin. ‘Tá muid i dtrioblóid faoi go ndeachaigh muid isteach ar láthair seandálaíochta!’
Chuimhnigh sí ar na fógraí fainice a bhí crochta ann. Chuimhnigh sí ar an sconsa a bhí curtha suas le daoine a choinneáil amach.
‘Níorbh é. Bhí muid … bhí muid ann an oíche roimhe sin chomh maith.’
‘An ceathrar céanna agus a bhí ann aréir? Tú féin, do chol ceathrar Bríd, Iain Mac Giolla Easpaig agus Séamas Mac Donncha.’
‘Sea.’
‘Tá tú cinnte nach raibh aon duine eile in éineacht libh.’
‘Tá.’
‘Agus cé agaibh a chuimhnigh ar dtús ar a dhul isteach sa stáisiún?’ a d’fhiafraigh an Garda de Búrca de Chaitríona.
‘Iain … is dóigh. Seisean a chuir scéala chugamsa.’
‘An bhfuil faisean ag déagóirí a bheith thart ar an stáisiún deireanach san oíche?
‘Níl a fhios agam. Ní raibh mise ann cheana.’ Chuimhnigh sí ar a raibh de bhuidéil agus de channaí beorach caite istigh sa bhfoirgneamh.
‘Agus inis dom, a Chaitríona, céard go díreach a bhí ar bun ag an gceathrar agaibh istigh sa stáisiún,’ a dúirt an Garda Seoighe. ‘An chéad oíche atá i gceist agam.’
‘Ní raibh muid ach … suite thart. Ag caint. Ar foscadh ón mbáisteach.’
‘Agus an dara hoíche?’
‘Bhí muid ag….’ Shocraigh sí gurbh fhearr gan aon cheo a rá faoi thaibhsí. ‘Theastaigh uainn an áit ar fritheadh na cnámha a fheiceáil,’ a dúirt sí. ‘An móta a raibh daoine ag caint faoi.’
Ansin d’iarr na gardaí ar Chaitríona cur síos a dhéanamh ó thús deireadh ar eachtraí na hoíche ar gortaíodh Bríd. Ba mhaith leo nach bhfágfadh sí rud ar bith, fiú an rud is fánaí féin amach. An fhad is a bhí Caitríona ag caint bhí an bheirt gharda ag scríobh leo. Nuair a stop sí bhí tuilleadh ceisteanna acu. Theastaigh ón nGarda de Búrca a fháil amach cé méid aithne a bhí ag Bríd ar Shéamas Mac Donncha.
‘Ní raibh mórán aithne aici air,’a dúirt Caitríona. ‘Tá sé beagnach trí bliana níos sine ná í. Ach tá Séamas sa rang céanna liomsa. Sin é an chaoi ar chuir Bríd aithne air.’
‘Arbh é Séamas a d’inis do Bhríd go raibh sibh ag bualadh le chéile ag an stáisiún?’ a d’fhiafraigh an Garda Seoighe di.
‘Níorbh é. Mise a d’inis di faoin gcéad oíche. Agus an dara hoíche, shocraigh an ceathrar againn go rachadh muid ar ais ann.’
‘An barbaiciú seo aréir. Is cosúil go raibh ól le fáil ann,’ arsa an Garda de Búrca. ‘An raibh Séamas ag ól?’
‘Ní fhaca mise ag ól é.’
Thug Caitríona faoi deara gur faoi Shéamas a bhí na gceisteanna uileag anois. Rith sé léi ansin den chéad uair gur shíl na gardaí go raibh baint ag Séamas le gortú Bhríd! Ach is í a máthair, a bhí suite ansin ag éisteacht go grinn a chuir an cheist.
‘An gceapann sibh go raibh baint ag Séamas Jim leis an rud a tharla?’ a d’fhiafraigh Sorcha de na gardaí.
‘Ag an bpointe seo ní féidir aon rud a chur as an áireamh, a Bhean Uí Fhlatharta,’a dúirt an Garda Seoighe. ‘Nílimid ach ag cur tús lenár gcuid fiosrúchán.’
Ansin dhún an bheirt gharda a gcuid leabhar nótaí agus ghlac siad buíochas le Caitríona as ucht comhoibriú leo.
‘Agus má chuimhníonn tú ar aon rud eile faoin oíche aréir, a Chaitríona,’ a dúirt an Garda de Búrca léi agus iad ag an doras, ‘bí cinnte agus glaoch a chur ar an stáisiún.’
‘“Ag cur tús lenár gcuid fiosrúcháin!” mar dhea!’ arsa máthair Chaitríona agus í ag dúnadh an dorais ina ndiaidh.
‘Nach in an port a bhíonns acu i gcónaí. Fiú agus fios maith acu cé atá ciontach. Fan amach ón lad sin, a Chaitríona. An gcloiseann tú anois mé? Ní chuirfinn tada thairis.’
Thit an drioll ar an dreall ar Chaitríona. Chuimhnigh sí ar an téacsanna a bhí tagtha ó Shéamas. Bhí rún aici iad a fhreagairt. Ach anois ní raibh a fhios aici céard a déarfadh sí leis. Bheadh sé ag iarraidh í a fheiceáil. Shocraigh sí glaoch ar Iain.
‘An bhfuil tú in Oileán na Leice?’
Ní raibh. Bhí Iain imithe abhaile go Gaillimh. Bhí sé tar éis an lá a chaitheamh ag iarraidh glaoch uirthi, a dúirt sé le Caitríona. Theastaigh uaidh rud eicínt a thaispeáint di. An bhféadfadh sí a theacht isteach le castáil leis?
‘Tá mé dul isteach go Gaillimh ar bhád na maidine,’ a dúirt Caitríona lena máthair. ‘Caithfidh mé bronntanas a cheannach do Mhamó. Níl tada faighte agam fós dá lá breithe.’
‘Is dóigh go mbeadh sé chomh maith dhuit. Bheadh sé níos fiúntaí ar aon chaoi ná a bheith caite thiar ansin sa leaba an lá ar fad.’
Caibidil 8
Ba ar éigean a chodail Chaitríona néal an oíche sin ach an oiread. Nuair a bhuail an t-alarm ag a seacht, chuir sí as é. Níor chuala sí aon duine eile ag corraí sa teach agus níor éirigh sí go dtí an nóiméad deireanach. Amach an doras léi gan smidiú a chur uirthi féin ná cupán tae a ól. Rith sí ar cosa in airde síos an cnoc. Nuair a shroich sí an chéibh ní raibh nóiméad féin le spáráil aici! Bhí na hinnill tosaithe agus an bád réidh le tarraingt amach! Bhí Caitríona buíoch gur turasóirí ba mhó a bhí ar an mbád. Go hiondúil, bheadh sí breá sásta comhluadar a bheith aici a ghiorródh an turas uair an chloig go dtí an mórthír. Ach is beag fonn cainte a bhí uirthi inniu. D’aimsigh sí suíochán le hais na fuinneoige agus thosaigh sí ag cartadh ina mála, ag cuartú a fón póca! Chuirfeadh sí téacs ag Iain le rá leis go raibh sí ar an mbealach. Ach nach raibh a fón fágtha ina diaidh aici!