Выбрать главу

‘Scéal cam air,’ a dúirt sí agus cantal uirthi léi féin. ‘Tá mé chomh scaipthe na laethanta seo is go bhfágfainn mo chloigeann i mo dhiaidh.’

Ba mhór an mhaith go raibh socrú déanta aici le Iain cheana féin faoin áit agus am a gcasfaidís le chéile.

Bhí Iain ag fanacht le Caitríona taobh amuigh den ionad siopadóireachta ar an bhFaiche Mhór.

‘Cén chaoi a bhfuil Bríd ag déanamh?’ an chéad cheist a chuir sé uirthi.

‘Níl sí ach ag stracadh ar éigean. Ach tá sí curtha suas go Baile Átha Cliath acu — go hOspidéal Bheaumont.’

‘Agus meastú… meastú an mbeidh siadsan in ann aon cheo a dhéanamh? An dtiocfaidh sí as?’

‘Níl a fhios ag na dochtúirí féin fós. Ach dúirt Mam nach mbreathnaíonn sé go maith. Agus tá a fhios agat go mbíodh Mam ina banaltra.’

‘Tá sé sin uafásach! Bhí mé ag súil gur dea-scéala a bheadh agat.’

‘Faraor nach ea.’

Tar éis dóibh deoch an duine a cheannach sa siopa beag a bhí ar an mbealach isteach san Ionad shuíodar ar cheann de na cathaoireacha boga ag bun an staighre.

‘A Chaitríona,’ a dúirt Iain ansin, ‘an bhfuil tusa fós ag ceapadh gur timpiste a bhí ann? Gur timpiste a tharla do Bhríd arú aréir? Eadrainn féin anois.’

‘Tá mé siúráilte gurb amhlaidh a thit sí,’ a dúirt Caitríona. ‘Bheadh sé an-éasca le duine titim agus an méid mangarae a bhí caite thart ann. Ach tá daoine eile ag déanamh amach … gurb é Séamas….’ Stop sí. Bhí tocht ina glór. ‘Tháinig na gardaí chuig an teach againn tráthnóna inné,’ ar sí ansin. ‘Ba bheag nár thit an t-anam asam. Ní raibh aon choinne agam go mbeadh na gardaí ag teacht. Chuireadar an t-uafás ceisteanna orm. Faoi Shéamas a bhí a bhformhór. Tá Mam agus Daid cinnte glan gur ionsaigh sé Bríd agus gurb in é an chaoi ar tharla an gortú di. Tá a n-intinn déanta suas ag an mbeirt go bhfuil Séamas ciontach, sin gan chúirt gan bhreitheamh. Agus tá ordú agamsa gan aon bhaint a bheith agam leis. Cheistigh na gardaí mise chomh maith. Déarfainn go gceapann siad gur scabhtaera atá ann, a Iain?’

‘Níl a fhios agam. Ní hé an oiread sin aithne atá agam air, i ndáiríre. Caithfidh tú cuimhneamh gur i mbliana a casadh orm ar dtús é.’

Bhí Caitríona thar a bheith díomúch leis an bhfreagra a fuair sí. Shíl sí nuair a shocraigh sí castáil le Iain go n-oibreodh an bheirt acu amach céard go díreach a tharla do Bhríd. Bhí sí siúráilte go bhféadfadh an bheirt acu a chruthú don saol mór nach raibh baint ná páirt ag Séamas le gortú Bhríd.

‘Bhuel, tá aithne agamsa air ó bhí muid sa mbunscoil,’ a dúirt sí le Iain. ‘Tá aithne mhaith agam air. Duine lách, macánta atá ann. Ní ghortódh sé aon duine….’

‘Bhuel … tuigim cén fáth a ndéarfása é sin. Nach bhfuil an bheirt agaibh mór le chéile?’ Déanadh staic de Chaitríona. ‘Cén chaoi a raibh a fhios agat é sin?’

‘An oíche úd thíos ag an mbarbaiciú, d’oibrigh mé amach é.’

‘Ach bhí tú ag déanamh amach go raibh súil ag Séamas ar Bhríd. Nach in é a dúirt tú nuair a bhí mé féin agus tú féin amuigh ag breathnú ar an móta.’

‘Ní raibh mé ach ag baint asat. Ag méiseáil. Go bhfeicinn céard a déarfá.’ D’inis Caitríona d’Iain go raibh amhras ar a tuismitheoirí go raibh sí ag siúl amach le Séamas. Ach cén fáth, a d’fhiafraigh sí de go raibh a tuismitheoirí agus daoine nach iad breá sásta Séamas a chrochadh? Bhí sé ag cur mearbhaill uirthi.

‘Ach thuigfeá dóibh,’ a dúirt Iain. ‘Ó tharla go bhfuil cineál drochcháil air cheana féin. Nár ionsaigh sé lad strainséartha cúpla mí ó shin?’

‘Seafóid. Cé a dúirt é sin leat? Níor ionsaigh sé aon duine!’ Bhí Caitríona ag éirí teasaí. ‘An lad sin a bhfuil tú ag caint air, bhí sé ar meisce. Dallta. Bhí sé ag cur as do chol ceathrar le Séamas, Aisling. Dúirt Séamas leis éirí as an ngalamaisíocht agus a dhul abhaile dó fhéin. Bhrúigh sé an lad as an mbealach, ach bhí mo dhuine chomh dallta is gur thit sé i mullach an chlaí.’

‘Ní hin é an leagan atá ag daoine eile.’

‘Is cuma liom sa diabhal cén leagan atá acu! Ní rabhadar ann. Tá mé ag rá leat, a Iain, gurb in é a tharla. Chonaic mé le mo dhá shúil féin é.’

‘Agus … bhí sé i dtrioblóid ar scoil nach raibh?’ a dúirt Iain. ‘Chuala mé gur cuireadh ar fionraí é an téarma seo caite.’

‘Níor cheart dó sin tarlú ar chor ar bith. Níorbh é a bhí ciontach.’

B’fhacthas do Chaitríona go raibh chuile dhuine ag piocadh ar Shéamas. An raibh siad ag cur sórt liosta le chéile? D’éirigh sí ina seasamh agus thosaigh sí ag cur di. Thug cuid de na daoine a bhí ag dul tharastú caidéis don bheirt dhéagóir.

‘An gcreidfeá,’ arsa Caitríona, ‘nár cuireadh aon phíonós ar an duine a bhí ciontach! An múinteoir a chonaic an rud ag tarlú, tá an ghráin shíoraí aige ar Shéamas. Bhí i gcónaí. Níor thug sé seans ar bith dó. Chuaigh cuid againn chuig an bpríomhoide leis an scéal ceart a mhíniú di. Ach, cur amú ama a bhí ann. Níor tugadh aon éisteacht dúinn.’

Rinne Iain staidéar sular fhreagair sé. ‘Tuigim go mbíonn dhá leagan ar chuile scéal,’ a dúirt sé ansin, ‘ach feictear dom gur minic le trioblóid a bheith san áit a mbíonn Séamas.’

Níor fhan focal ag Caitríona. Ba cheart di a bheith fanta sa mbaile! Nárbh í a bhí díchéillí ag ceapadh go raibh cara sa gcúirt ag Séamas in Iain. Ghoill sé uirthi cuimhneamh anois ar an meas a bhíodh ag Iain ar Shéamas. Cé a chreidfeadh go mbeadh sé in amhras faoi mar seo? Go gceapfadh sé nach raibh a chara le trust! A tuismitheoirí, na gardaí agus anois Iain é féin. An bhféadfadh sé go raibh dul amú uirthise faoi Shéamas? Ba dheacair léi glacadh leis. Ní raibh sí sásta glacadh leis! Is amhlaidh nach raibh aithne cheart ag daoine eile ar Shéamas. Bhreathnaigh sí ar a huaireadóir.

‘Ní raibh tuairim na ngrás agam go raibh sé chomh deireanach!’ a dúirt sí. Chuir sí a mála ar a gualainn. ‘Breathnaigh, a Iain, caithfidh mé tabhairt faoi na siopaí. Tá bronntanas le ceannach agam do Mhamó. Níl a fhios agam beo céard a gheobhas mé di. Ní chreidfeá chomh deacair is atá sé bronntanas feiliúnach a fháil do bhean atá ag tarraingt ar cheithre scór.’

Ní raibh Iain pioc sásta a chloisteáil go raibh Caitríona ag imeacht.

‘Nach féidir leat fanacht scaitheamh eile? Nach ag a sé a sheolann an bád? Tá os cionn ceithre uair an chloig fós agat. Theastaigh uaim rud eicínt a thaispeáint dhuit. Bhuel, dhá rud in dáiríre. Ach tosóidh muid leis seo.’

Thóg Iain ríomhaire beag amach as a mhála. An ceann ba nua-aimseartha dá bhfaca Caitríona riamh ina saol. Las a súile.

‘Ó a mhac go deo,’ a dúirt sí. ‘Tá éad orm leat. B’aoibhinn liom ceann acu sin! Ar bhuaigh tú an Lotó nó rud eicínt?’

‘Faraor, is le Mam é! Agus thabharfadh sí leathmharú orm dá mbeadh a fhios aici go raibh sé agam. Taibléad atá ann. Is féidir chuile shórt a dhéanamh air. Ach an rud a bhí mé ag iarraidh a thaispeáint dhuit … tá sé agam anseo. Beidh an-spéis agat ann. Tá mé cinnte de.’

Shleamhnaigh Iain a mhéar go paiteanta trasna an scáileáin. Ansin shín sé an taibléad chuig Caitríona.

‘Caithfidh tú é seo a léamh.’