Выбрать главу

Níl sé ar chumas taibhsí teacht ar an gcineál fuinnimh a theastódh chun nithe fisiciúla a chorraí. Bíonn siad ag brath ar fhoinse cumhachta in aice láimhe chun é sin a dhéanamh. Is minic go mbaintear leas as daoine óga, gan fhios dóibh, agus taibhsí ar a míle dícheall ag iarraidh aird a tharraingt ar a gcás.

‘Tá go leor focla móra ann,’ a dúirt Caitríona nuair a bhí an t-alt léite aici. ‘Agus, níl mé siúráilte cén bhaint atá aige linne.’

‘An cuimhin leat an lá cheana nuair a bhí muid sa gcaifé? Dúirt Bríd gur cheap sí féin go raibh taibhse Bhean Thompson sa Station agus go raibh sí ag iarraidh teangmháil a dhéanamh linne.’

‘Is cuimhin liom go maith é. Shíl mé go bhféadfadh sé go raibh an ceart ar fad aici. Ach is cuimhin liom freisin gur thosaigh tusa ag cur na gcosa uait. Bhí tú oibrithe faoi go gcreidfeadh aon duine i dtaibhsí … rud eicínt faoi gur bhaineadar leis an seansaol.’

‘Tá a fhios agam. Sin é a dúirt mé ceart go leor. Ach ansin nuair a tháinig mé abhaile go Gaillimh chuaigh mé ag scimeáil ar an idirlíon. Ní chreidfeá a bhfuil de stuif atá ann faoi thaibhsí agus faoi sprideanna!’

‘Bíonn rudaí ar an idirlíon nach bhfuil bun ná barr leo! Ní fhéadfá toradh a thabhairt ar a leath.’

‘Nach bhfuil a fhios agam go maith! Caithfidh duine na suíomhanna cearta a aimsiú. Ach ar aon chaoi, tar éis dom an píosa atá ar an scáileán ansin againn a léamh, thosaigh mé ag cuimhneamh ar an teoiric a bhí ag Bríd. Shocraigh mé go rachainn isteach chuig an leabharlann….’

‘Sherlock Holmes ceart!’

‘Agus b’fhiú dul ann. B’fhiú go mór é! Ní thomhaisfidh tú go deo céard a fuair mé i gceann de na sean-nuachtáin! Tá sé anseo agam.’

Thóg sé leathanach fótachóipeáilte as a phóca agus shín sé chuig Caitríona é.

Galway Herald 25 February 1916

Death notices

Thompson — 22 February at St Bridget’s Hospital, Ballinasloe, Veronica. Second daughter of the late Mary and William Hand, Belfast. Late of Coast Guard Station, Illaunalakey, Co. Galway. Deeply regretted by her grieving sister Elizabeth (Athlone). Funeral private.

Léigh Caitríona an fógra báis go ciúin. Ansin léigh sí é den dara huair é. Ní raibh focal aisti ar feadh meandair.

‘Late of Illaunalakey, Co. Galway,’ a dúirt sí ansin. ‘Cruthaíonn sé seo go raibh a leithide de dhuine ann! Go bhfuil fírinne eicínt sna scéalta!’

‘Seans go bhfuil an fhírinne ar fad iontu.’

‘Ach amháin … deir siad anseo go raibh deirfiúr aici — Elizabeth — ach níl a dhath ráite ann faoi fhear céile.’

‘Bhí mé féin ag déanamh iontas faoi sin. Ach cuimhnigh air — bhí sé ar iarraidh ach ní raibh aon chorp faighte. Ní raibh a fhios acu beo nó marbh é. Ach ar thug tú faoi deara, a Chaitríona, cár cailleadh í?’

‘Deireann siad gur cailleadh in ospidéal í.’

‘Sea! In Ospidéal Naoimh Bríde i mBéal Átha na Sluaighe. Sin é an áit a gcuirtí daoine a d’imíodh as a meabhair. Ospidéal síciatrach a bhí ann ach tá sé dúnta anois le fada.’

‘Ó! Ní raibh a fhios agam fiú go raibh a leithid d’áit ann. Nuair a chuimhním anois air, scaití nuair a bhíonn muid ag crá Mhamó deireann sí go gcuirfidh muid go Béal Átha na Sluaighe í. Anois a thuigim céard a bhí i gceist aici le Béal Átha na Sluaighe!’

Shuigh an bheirt ansin tamall, gan cor astu ag stánadh síos ar an bpíosa páipéir. Bhraith Caitríona comhbhá as an ngnách leis an mbean seo. Bean a bhí básaithe le beagnach céad bliain.

‘Veronica a bhí ar an mbean bhocht,’ a dúirt sí. ‘Nach truamhéalach an scéal é! D’imigh sí as a meabhair sa Station ag súil chuile lá go dtiocfadh a fear céile abhaile. Agus, ansin, b’éigin dóibh í a chur isteach i gceann de na hospidéil ghránna sin.’

‘Ach ní gá go raibh sí as a meabhair, tá a fhios agat. Fadó chuirtí daoine, go háirithe mná, isteach sna hospidéil sin le iad a chur as an mbealach. Is minic nach mbíodh tada beo contráilte leo.’

‘Bhí clár ar an teilifís faoi sin le deireanas, nach raibh?’

‘Bhí agus tá leabhar bunaithe air ag duine de na scríbhneoirí mór le rá … Sebastian Barry, tá mé cheapadh.’

‘Ach rud amháin, a Iain, nach bhfuil mé ag baint aon mheabhair as, más in ospidéal a fuair Veronica bás cén fáth a mbeadh a sprid i Stáisiún Oileán na Leice? Nach mó seans go mbeadh a taibhse san áit ar cailleadh í?’

‘Bhuel, tá mise ag déanamh amach gur tháinig a sprid ar ais go dtí an stáisiún nuair a cailleadh í.’

‘A Iain Mhic Giolla Easpaig, tá tú ag baint an mheabhair uileag díom anois! An fear a dúirt cúpla lá ó shin nach raibh a leithid de rud ann le taibhsí!’

‘Bhuel … is iomaí rud atá athraithe le cúpla lá.’

‘D’fhéadfá a rá!’

Níor labhair ceachtar acu ar feadh nóiméid ach iad ag cuimhneamh ar a raibh tarlaithe le cúpla lá anuas. Ar an gcaoi gur féidir leis an saol athrú go tubaisteach d’aon iarraidh amháin.

‘Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé agam anois!’ a dúirt Caitríona. ‘Theastaigh ó Veronica a bheith sa stáisiún mar gheall go raibh a fear curtha sa móta taobh amuigh. Bhí a fhios aici nuair a bhí sí caillte gur ansin a bhí sé. Sin grá dhuit!’

‘Sea ’mhanam. Ach ansin d’athraigh cúrsaí. Tháinig na seandálaithe agus thosaigh siad ag tochailt. Agus níor thaitin sé sin beag ná mór le Veronica. Anois léigh an píosa ón idirlíon arís. Go háirithe an abairt dheireanach.’

Bhreathnaigh an bheirt síos ar an scáileán. Léigh Caitríona an abairt dheireanach amach.

‘“Is minic go mbaintear leas as daoine óga, gan fhios dóibh, agus taibhsí ar a míle dícheall ag iarraidh aird a tharraingt ar a gcás.” Bhí sí “ar a míle dícheall ag iarraidh aird a tharraingt ar a cás.” ceart go leor,’ a dúirt sí. ‘Ag caitheamh rudaí thart! An “cás” seo a raibh sí ann…?’

‘Má ghlacann muid leis gurb iad cnámha a fir chéile a thóg na seandálaithe as an áit … nach mbeadh sí trína chéile faoi sin?’

‘Bheadh, ceart go leor. An-trína chéile.’

‘Meastú, má oibríonn siad amach go cinnte gurb é corp James Thompson atá faighte, meastú an gcuirfidh siad é san áit a bhfuil Veronica curtha?’

‘Cheapfá gurb in é a dhéanfaidís. Sin é ba cheart a dhéanamh.’

‘Bheadh sí sásta ansin.’

‘Bheadh. Bheadh suaimhneas aici ar deireadh,’

Caibidil 9

Oileán na Leice 1910

Níor chodail Veronica Thompson néal ar bith an oíche sin. Bhí mí caite anois ó d’imigh James gan tásc gan tuairisc. Ó d’fhág sé í ag sileadh na ndeor. Chreid sí ón tús go raibh a fear céile fós beo. Chreid sí go dtiocfadh sé ar ais chuici. Go mairfidís beirt go sona sásta le chéile as sin amach.

Ach anois…. Céard atá athraithe anois?

Tá sí cinnte i gcónaí go bhfuil a fear céile beo. Ach an dtiocfaidh sé ar ais chuici? Níl sí chomh cinnte agus a bhí faoi sin. B’fhéidir go gcaithfidh sise dul chuigesean. Ach cá bhfuil sé? Sin í an cheist. Ach déanfaidh Veronica Thompson rud ar bith a dhéanamh le freagra a fháil ar an gceist áirithe sin. Rud ar bith. I gcaitheamh na hoíche chuaigh sí siar arís agus arís eile ar an méid a dúirt Maggie Uí Dhónaill. Chuaigh sí siar ar a raibh cloiste roimhe sin aici faoi Mháire Rua an Ghleanna.

Nuair a tháinig Maggie chuig an doras an oíche dar gcionn bhí Veronica ag fanacht léi. Thóg sé os cionn leathuair orthu dul go Gleann Trasna sa trap. Ar an mbealach cheistigh Veronica an bheirt a bhí léi faoi Mháire Rua. Céard a d’úsáid an bhean feasa le teacht ar an bhfios seo a bhí aici? An mbíodh freagra cinnte aici i gcónaí do dhaoine ar nós í féin? Ach má bhí an t-eolas seo ag an lánúin ba chosúil nach raibh aon fhonn orthu é a roinnt le Veronica.