‘Bhuel, bhí cóisir nó dhó ann ar aon chaoi,’ a deir Iain.
‘Cé a thiocfadh anseo le haghaidh cóisire? Tá an áit uafásach,’ a dúirt Caitríona. ‘Gan trácht ar an mboladh bréan atá ann. Iuch.’
‘Níl a fhios agam an bhfuil sé sábháilte a ghabháil isteach,’ arsa Bríd. ‘Bheadh an oiread rudaí sa mbealach orainn, agus d’fhéadfadh….’
‘Níl sé sábháilte!’ a dúirt Caitríona a raibh col aici leis an bhfoirgneamh cheana féin. ‘Tá an áit seo ag cur samhnais orm. Ach taobh amuigh de sin uileag braithim … níl a fhios agam…. Tá sé ar nós go bhfuil duine eicínt ag faire orainn.’
‘An raibh a fhios agatsa go gcreideann an bhean seo i dtaibhsí?’ a d’fhiafraigh Iain de Shéamas.
‘M’anam go bhfuil daoine nach í a chreideann iontu,’ a dúirt Séamas.
Cé gurbh fhearr le Caitríona a bheith in áit ar bith eile sa domhan, shocraigh sí go raibh a dóthain ráite aici. Má bhí an triúr eile sásta dul isteach, ní loicfeadh sise. Níor mhaith léi go gceapfadh aon duine, go háirithe Séamas, gur cladhaire a bhí inti. Shiúil an ceathrar go deas, réidh, cúramach tríd an bhfoirgneamh, trí sheanstáisiún tréigthe an gharda cósta. Scanraigh siad na préacháin a d’éirigh san aer agus ’chaon ghráig ghlórach acu. Chonaic siad an caonach a bhí ag fás ar na ballaí cloiche agus na poill a bhí sa síleáil adhmaid thuas os a gcionn. Ba léir gur theach dhá stór a bhí anseo, cé go raibh an staighre suas go dtí an dara hurlár bainte as. Anseo agus ansiúd d’fhéadfá na réalta a fheiceáil, áit a raibh na leaca séidte de dhíon an fhoirgnimh.
‘Déarfainn go dtógfadh sé níos mó ná cúpla punt caoi a chur ar an áit seo,’ a deir Iain.
‘Seans go mbeadh cúpla milliún ó dhuine,’ a dúirt Séamas. ‘Ach is dóigh go bhfuil na millionaires ar fad bailithe leo as an tír.’
Nuair a chuaigh siad amach an doras a bhí díreach os comhair na fuinneoige thuig siad go raibh an foirgneamh roinnte ina thrí chuid. Trí theach a bhí ann. Ní raibh ceangal ar bith eatarthu ón taobh istigh ach bhí a bhealach féin isteach ag ‘chaon cheann acu ón taobh ó dheas. Theastaigh ó Chaitríona a fháil amach tuige a raibh áit chomh mór ag teastáil ó na gardaí cósta.
‘Agus céard go díreach a bhídís a dhéanamh ar aon chaoi? Na gardaí cósta seo?’
‘Bhuel,’ a deir Séamas, ‘is póilíní nó gardaí a bhí iontu, ag obair don Sasanach. Bhídís ina gcónaí anseo sa stáisiún agus na mná is na gasúir in éineacht leo. An bhfuil an ceart agam, a Iain?’
‘Tá. Is ag coinneáil súile ar an bhfarraige agus ar a raibh ag tarlú timpeall na gcladach a bhídís. Bhíodh go leor smuigleála ar siúl thart anseo ag an am.’
‘Ní raibh a fhios agam é sin!’ a dúirt Caitríona.
‘Ná agamsa,’ a deir Séamas. ‘Smuigléirí! Cé a chreidfeadh é! Anseo in Oileán beag na Leice. Anois céard deir tú le Gaillimh!’
Shocraíodar fanacht sa tríú teach nó go ndéanfadh sé aiteall. Leag Séamas an tóirse ar an talamh agus shocraigh sé é sa gcaoi is go mbeadh feiceáil mhaith acu timpeall an tseomra. Shiúil siad thart ansin. Aisteach go leor is beag bruscar a bhí anseo le hais mar a bhí sa gcuid eile den fhoirgneamh. Suas leis an mballa i ngar don fhuinneog bhí píosa de fhráma leapan. Fuaireadar ar fad caidéis dó seo. Fráma bán iarainn a bhí ann agus an ceann fós air. Cruth áirse a bhí ar an bhfráma cinn a raibh go leor ornáidí air.
‘A mhac go deo!’ a deir Caitríona ‘Chonaic mé rudaí ar nós é seo ar an teilifís. Is antique é!’
Dúirt Bríd gur mhór an t-iontas go raibh an leaba fágtha ann ach nach raibh aon tuairisc ar an gcuid eile den troscán.
‘Ach, níl ann ach cuid de leaba,’ a dúirt Séamas a bhí á scrúdú go grinn. ‘Tá an píosa iarainn a bheadh thíos ag bun na leapan ar iarraidh. Agus tá ceann de na cosa briste de. Ní thabharfaidís leaba bhriste leo.’
‘Tá sí agam!’ a deir Iain agus chroch sé barra iarainn suas san aer. ‘Cois na leapan. A Mhac go deo, dá mbuailfí duine leis seo….’
‘As ucht Dé ort! Ná bí dhá chraitheadh mar sin,’ a dúirt Bríd leis. ‘D’fhéadfá duine againn a ghortú.’
Theastaigh ó Chaitríona a fháil amach cé chomh sean agus a bhí an Station.
‘Fiafraigh d’Iain. Tá sé ar nós encyclopaedia,’ a deir Bríd.
‘Níl mé cinnte cén uair a tógadh an foirgneamh. Ach tá a fhios agam gur imigh na gardaí cósta as an tír i naoi déag fiche is a… rud eicínt. Nuair a bunaíodh an Saorstát. Caithfidh mé taighde a dhéanamh nuair a rachaidh mé abhaile go Gaillimh.’
Is amhlaidh a bhí teach saoire ag muintir Iain in Oileán na Leice. Chaitheadh sé féin agus a dheartháir an chuid is mó den samhradh san oileán an fhad is a bhíodh a dtuismitheoirí ag obair leo istigh sa chathair.
‘Ach a Iain,’ arsa Séamas, ‘mura bhfuil an áit seo tógtha ach le — déarfaidh muid — céad go leith bliain, tuige a bhfuil na seandálaithe anseo?’
‘Ní sa stáisiún féin atá suim acu ach i ráth nó lios atá taobh amuigh ansin.’
‘Móta a thugann muide air sin,’ a deir Caitríona.
‘Bhuel is sa móta atá suim ag na seandálaithe.’
‘Muise, nach iontach í an fhoghlaim,’ a deir Séamas agus chroith sé lámh le Iain. ‘Tá mé siúráilte go mbeidh tú i do léachtóir ollscoile lá eicínt, bail ó Dhia ort. An tOllamh Iain Mac Giolla Easpaig.’
Chaith Séamas faoi ansin agus chuir sé a dhroim leis an mballa.
‘Bheadh sé chomh maith daoibh uileag caitheamh fúibh,’ a dúirt sé leis an gcuid eile. ‘Tá sé fós ina dhoirteadh.’
Chuir Bríd strainc uirthi féin agus í ag breathnú síos.
‘Ach tá an t-urlár lofa salach. Millfidh mé mo ghúna.’
‘Mise chomh maith,’ a dúirt Caitríona. ‘Agus gan é ach ceannaithe agam.’
B’fhearr le Caitríona ná tada dul abhaile. Ach mo léan! B’fhacthas di nach mórán fonn baile a bhí ar an triúr eile. Bhain Séamas a sheaicéad de.
‘Seo,’ a dúirt sé le Bríd. ‘Féadfaidh tú suí air seo.’
Agus leag sé an seaicéad ar an urlár díreach lena thaobh. Shuigh Bríd síos.
‘Nach iontach anois,’ arsa Caitríona ina hintinn féin, ‘nach domsa a thug sé a sheaicéad!’
Ach dar ndóigh ní dhéarfadh sí é seo amach. Ní dhéarfadh sí é ar ór ná ar airgead.
‘Dá bhfeicfeadh Mamó anois thú,’ a dúirt sí le Bríd. ‘Ní mó ná sásta a bheadh sí.’
‘Nach bhfuil a fhios agam go maith! Thabharfadh sí leathmharú orm.’
Chomh luath agus dhún an scoil le haghaidh saoire an tsamhraidh, tháinig Bríd Ní Neachtain anuas as Baile Átha Cliath.
‘Déanfaidh sé leas duit,’ a dúirt a tuismitheoirí léi ‘an samhradh a chaitheamh le do sheanmháthair agus do chol ceathracha in áit atá chomh folláin agus chomh sábháilte le hOileán na Leice.’
Bhí Mamó, nó Caitlín Liaimín mar ab fhearr aithne uirthi, sásta an comhluadar a bheith aici. Ní hin le rá nach raibh sí géar ar Bhríd. Leag sí síos liosta fada de rialacha di an chéad lá! Agus d’fhág sí an riail ba mheasa go dtí ar deireadh.
‘Caithfidh tú a bheith istigh ag leathuair tar éis a deich chuile oíche, a Bhríd. An gcloiseann tú anois mé? Is cuma sa mí-ádh céard a dhéanfas an chuid eile acu. Feictear dhomsa go bhfuil i bhfad an iomarca cead a gcinn ag an dream óg thart anseo. Tá sin.’
Bhí Séamas ag scairteadh an tsolais anonn ar an bhfuinneog anois.
‘’Bhfuil a fhios agaibh céard é féin,’ a dúirt sé go tobann. ‘Ach dá ngabhfadh muid amach tríd an bhfuinneog sin thall, bheadh muid ar an taobh eile den sconsa ard úd. Nach mbeadh?’