‘Tabhair dom do lámh,’ a dúirt Iain le Caitríona. ‘Ní chreidfeá chomh sciorrach agus atá na leaca.’
Bhí siad ag trasnú bhalla cosanta na céibhe ag déanamh ar an áit a raibh an dream óg bailithe. Shín Iain amach a lámh. Ach sula raibh seans ag Caitríona greim a fháil uirthi sciorr sí ar an gcaonach agus thit sí. Thit sí anuas sa mullach ar Iain.
‘Tá súil agam nach bhfuil tú gortaithe. Ar tháinig tú anuas ar do rosta?’ a dúirt Iain nuair a bhíodar ina seasamh arís. ‘Taispeáin dom í.’
‘Níl tada orm. Goile uait.’
Bhí Séamas tugtha faoi deara ag Caitríona nuair a bhí sí fós thuas ar bhalla na céibhe. Ach anois, agus iad ag teannadh leis an áit, ní raibh sí in ann é a fheiceáil níos mó. Bhí cuid mhaith daoine ann a d’aithin sí áfach. Chonaic sí lads agus cailíní a bhí ar scoil in éineacht léi. Bhí daoine óga ann le canúintí Sasanacha, iad tagtha ar cuairt arís i mbliana chuig a gcuid gaolta. Agus d’aithin sí na déagóirí ón taobh amuigh a mbíodh tithe tógtha ar cíos ag a muintir san oileán chuile shamhradh.
‘Ó, breathnaigh cé atá anseo,’ a deir Iain.
Bhí Séamas suite ar an ngaineamh ag caint le cailín nach raibh feicthe ag Caitríona cheana. Chuaigh sí anonn chucu.
‘Gheobhaidh mé rud eicínt le n-ithe duit,’ a deir Séamas leis an gcailín strainséartha.
D’éirigh sé agus shiúil sé thar Chaitríona. Cheapfá nach bhfaca sé ar chor ar bith í! Lean sí é.
‘Céard atá ort?’
‘Ní raibh a fhios agam go raibh tú féin agus Iain chomh mór le chéile.’
‘Céard atá i gceist agat?’
‘Níl mé caoch. Bhí mé ag breathnú ar an mbeirt agaibh thall ansin. Thall ag an gcéibh. Cén fhad atá sé seo ag dul ar aghaidh?’
‘Ach níl aon rud ag dul ar aghaidh! Is trí thimpiste a casadh an bheirt againn ar a chéile.’
‘Breathnaigh, a Chaitríona. Féadfaidh tú a dhul in éineacht le duine ar bith a thograíonn tú. Féadfaidh sin. Is cuma sa diabhal liomsa, ach ná bí ag déanamh leibide díom.’
Agus bhí sé imithe.
Thuas ag an stáisiún níos deireanaí, oíche lán gealaí a bhí ann, gan an oiread is clabhta sa spéir.
‘Ab in é a bhfuil ann?’ a deir Iain agus é ag breathnú isteach sa bpoll.
‘Is cosúil gurb ea,’ a dúirt Caitríona go diomúch. ‘Poll sa talamh! Poll folamh.’
Poll éadoimhin thart ar sé troigh ar leithead a bhí ann. Ba léir ón gcréafóig a bhí carntha ar na taobhanna gur le deireanas a cartaíodh an poll seo taobh amuigh den stáisiún.
‘Is dóigh gur ansin a fuair siad an corp,’ arsa Iain.
‘Ó! Seans gurb ea.’
Níor thaitin le Caitríona a bheith ag cuimhneamh air seo. Theann sí amach go maith ón bpoll.
‘Meastú cá’il an móta a raibh an oiread cainte faoi?’ a deir Iain.’
‘An bhfeiceann tú thall ansin? Tá cineál dromáin ann agus sceach gheal ag fás….’
‘Céard é dromán?’
‘Sórt cnocáin chréafóige. Agus breathnaigh, tá clocha curtha ina seasamh timpeall air.’
Bhí trí cinn de chlocha caola arda ina seasamh ar a gcorr timpeall ar an dromán. Bhí tuilleadh cloch cosúil leo tite ar a dtaobh agus iad beagnach clúdaithe ag an bhféar.
Shiúil Caitríona agus Iain chomh fada leis an áit.
‘An bhfuil a fhios agat,’ a dúirt Iain, ‘ar an turas scoile anuraidh chuaigh muide go dtí ionad seandálaíochta thuas i Sligeach. Tá sé seo an-chosúil le cuid de na séadchomharthaí a chonaic muid ann.’
‘Ach tá an oiread rudaí mar seo ar fud an oileáin! Tá siad le feiceáil chuile áit. Bíonn strainsearaí i gcónaí ag fiafraí fúthu. Agus ag tógáil pictiúirí díobh. Ach cheap mé go mbeadh rud eicínt níos íontaí le feiceáil againn anseo.’
D’iompaigh sí thart le dul isteach sa stáisiún arís.
‘Bhí sé de cheart againn a bheith fanta thíos ag an mbarbaiciú.’
‘Ach ní raibh mórán craic ann….’
‘Bhuel, ní mórán craic atá anseo ach an oiread. Tá mise le dul abhaile. Ach cá’il an bheirt eile? Ní féidir liom imeacht gan Bríd. Cheap mé go rabhadar díreach taobh thiar dhínn agus muid ag teacht amach.’
Thosaigh siad ag déanamh a mbealach ar ais go dtí an stáisiún ach ní raibh aon tuairisc ar an mbeirt eile.
‘Tá mise ag ceapadh,’ a deir Iain, ‘go bhfuil súil ag Séamas ar Bhríd. Ar thug tú faoi deara aréir nuair a bhí muid ar foscadh ón mbáisteach….’
Bhraith Caitríona tocht ina scornach. Ní raibh na deora i bhfad uaithi.
‘Céard é sin?’ a dúirt Iain go tobann. ‘An bhfuil duine eicínt ag gabháil fhoinn? An t-amhrán sin … cén t-ainm atá air? Tá mé ag ceapadh gur amhrán é a bhíodh ag na Corrs. Nó b’fhéidir an grúpa eile sin….’
Is ansin a chualadar an bhéic. Uaill uafáis a chuirfeadh an croí trasna ionat. Rith Caitríona agus Iain chomh héasca in Éirinn agus a bhíodar in ann go dtí fuinneog an stáisiúin. Ba bheag nár bhuaileadar faoi Shéamas a bhí ar a bhealach amach. Bhí fón i láimh amháin aige agus an tóirse mór sa láimh eile. Chomh luath agus a chonaic Séamas iad thosaigh sruth focal ag teacht as a bhéal ach bhí sé ag dul rite le ceachtar acu é a thuiscint.
‘Tá Bríd … tá sí … go dona … an-dona … rinne mé iarracht … ach ní oibreoidh sé….’
‘Fan agat féin! Níl a fhios againn céard atá tú ag rá, a Shéamais. Tosaigh arís,’ a dúirt Iain.
‘Tá Bríd gortaithe!’ a deir Séamas agus é ag tabhairt na bhfocal leis níos fearr an babhta seo. ‘Tá sí gortaithe go dona. Ach ní oibreoidh an fón dom.’
‘Gortaithe, cén chaoi gortaithe? Céard a tharla di?’ a d’fhiafraigh Caitríona de.
‘Níl a fhios agam. Níl a fhios am céard a tharla di. Ach caithfidh muid fios a chur ar dhochtúir. Go beo! An bhfuil fón ag ceachtar agaibhse?’
Bhí múraíl allais anois le Séamas.
Tharraing Caitríona amach a fón póca. Bhí craitheadh ina láimh.
‘999 ab ea?’
‘B’fhearr i bhfad glaoch ar dhochtúir an oileáin,’ a dúirt Iain. Thóg sé an fón ó Chaitríona. ‘Níor cheart Bríd a fhágáil istigh ansin léi féin. Gabh tusa isteach chuici, a Chaitríona agus déanfaidh mise an glaoch. Tabhair di an tóirse, a Shéamais. Tá Antaine ag obair san óstán anocht. Beidh sé in ann uimhir an dochtúra a fháil dúinn.’
‘Ach nach mbeidh an t-óstán dúnta anois?’ a deir Séamas. ‘Tá sé an-deireanach.’
‘Beidh an dream atá ag freastal fós ann — ag glanadh suas.’
Bhí Caitríona istigh agus í ar a glúine le taobh Bhríd sula raibh an glaoch curtha tríd ag Iain.
‘A Bhríd!’ a dúirt sí agus impí ina glór. ‘Labhair liom a Bhríd. Abair rud eicínt.’
Bhí seans fós ann go raibh dul amú ar Shéamas. B’fhéidir go n-osclódh á col ceathrar a súile agus go ndéarfadh sí nach raibh sí ach ag pleidhcíocht. Ach mo léan ba ghearr gur thuig Caitríona go raibh an ceart ag Séamas. Bhí Bríd gortaithe go dona. Ní raibh sea ná seoladh inti. Ach bhí sí fós ag tarraingt a hanáil. Ar éigean. Ní raibh Caitríona cinnte céard a bhí tú ceaptha a dhéanamh i gcás mar seo. Bhí a fhios aici ceart go leor nach raibh tú ceaptha an t-othar a chorraí. Agus go raibh tú ceaptha an duine a choinneáil te. Ach bhí sifil uirthi le teann faitís agus níor chuimhin léi aon rud eile. Bhí sí ag guí le Dia nach mbeadh an dochtúir i bhfad ag teacht, faitíos a croí uirthi go bhfaigheadh Bríd bás sínte anseo ar na leaca fuara sula dtiocfadh aon duine i gcabhair orthu! Bhain sí di a seaicéad agus leag sí anuas ar Bhríd é. Síos léi ar a glúine arís agus chuir sí a lámha timpeall uirthi.